Déanaimis #EuropeDay a cheiliúradh le chéile
Ar mhaith leat cuairt a thabhairt ar an Eoraip in aon lá amháin?
Tabhair cuairt ar na hInstitiúidí Eorpacha agus síniú stairiúil ‘Dearbhú Schuman’ á chomóradh againn an 9 Bealtaine 1950. Ba é an tráth cinniúnach sin a chuir tús le lánpháirtiú na hEorpa agus leis an gcomhar ar son na síochána agus na haontachta.
I mbliana is é Dé Sathairn an 4 Bealtaine Lá Oscailte an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil. Agus na Toghcháin Eorpacha (an 6-9 Meitheamh) ag druidim linn, is féidir leat páirt a ghlacadh i réimse bríomhar imeachtaí agus gníomhaíochtaí a reáchtálfar sa Bhruiséil, i Lucsamburg, in Strasbourg agus ar fud thíortha an Aontais.
Bain leas as an deis seo chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a múnlaíonn an tAontas Eorpach ár saol laethúil agus ar an gcaoi ar féidir leatsa cur leis.
#EuropeDay2024