
Is í 2022 Bliain Eorpach na hÓige agus léireofar an tábhacht a bhaineann le daoine óga na hEorpa chun todhchaí níos fearr a fhorbairt atá níos glaise, níos digití agus níos sláintiúla lena linn. Dé Sathairn, an 7 Bealtaine osclóimid ár ndoirse fisiciúla agus fíorúla agus léireoimid aontacht agus dlúthpháirtíocht do mhuintir uile na hEorpa.
Sa Bhruiséil, féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar cheanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh - an Berlaymont - idir 10:00 agus 18:00 an 7 Bealtaine chun tuilleadh eolais a fháil faoin méid a dhéanaimid.. Ní gá clárú. Ní ghearrfar aon táille ort.
Faigh eolas ginearálta faoin Aontas Eorpach, beidh tú in ann málaí uaschúrsáilte a bhuachan, iad déanta de bhrataí, eolas a chur ar réimsí atá dírithe ar ábhair ghlasa, dhigiteacha agus an óige agus beidh go leor cluichí agus gníomhaíochtaí don teaghlach go léir le déanamh. Léirigh do thacaíocht don Úcráin trí theachtaireacht a fhágáil ar ár mBalla Dlúthpháirtíochta, faigh sracfhéachaint ar an seomra cruinnithe ar an urlár uachtair, áit a ndéanann an tUachtarán von der Leyen agus na Coimisinéirí cinntí a dhéanann difear dúinn go léir, bain lán na súl as an radharc ar an gcathair, tabhair cuairt ar an seomra físe agus déan neart rudaí eile.
Mura bhfuil tú in ann a bheith linn i bpearsa, bí linn as cibé áit a bhfuil tú! Féach ár n-imeachtaí beo ar na meáin shóisialta agus ár léarscáil ar a bhfuil ar siúl ar fud an Aontais le rud éigin a fháil atá ar siúl in áit in aice leatsa.
Fiú tar éis Lá na hEorpa, má bhíonn tú sa Bhruiséil ná déan dearmad cuairt a thabhairt ar ár mbuantaispeántas Experience Europe lena dtugtar léargas ar leith ar ár gcuid oibre, ár dtosaíochtaí agus ár mbeartais, sin agus ar luachanna an Aontais i dtimpeallacht idirghníomhach.
Arb eol duit gurb iad luachanna an Aontais Eorpaigh: dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus cearta an duine? An bhfuil cur amach agat ar stair an Aontais Eorpaigh nó ar cé na tíortha a úsáideann an euro? Céard faoin gcaoi a gcuireann an tAontas Eorpach ar chumas mhuintir na hEorpa maireachtáil, obair nó staidéar a dhéanamh ar fud na hEorpa? Nó gur féidir leat páirt dhíreach a ghlacadh i bhforbairt bheartais an Aontais tríd an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh? Faigh eolas faoin méid sin go léir agus níos mó.
- An méid a bhí tú ag iarraidh a fháil amach faoin Aontas Eorpach i gcónaí riamh
- An Coimisiún Eorpach: an méid a dhéanaimid agus cé muid féin
- Féach leat an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh
- Tionscnaimh ó na saoránaigh atá ar oscailt agus eolas ginearálta
- Nuacht faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh
- Na príomhfhigiúirí agus staitisticí faoin Eoraip
- Faigh eolas faoin Aontas Eorpach trí na Foilseacháin is tábhachtaí dár gcuid
- Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh faigh an iliomad eolais i do theanga féin
Glac páirt i mBliain Eorpach na hÓige agus cuir do thuairim in iúl, agus san am céanna faigh eolas faoi thionscnaimh an Choimisiúin i réimsí an oideachais, an chultúir, an ilteangachais, an spóirt agus an taighde. Féach leat deiseanna éagsúla chun staidéar a dhéanamh i dtír eile, obair dheonach a dhéanamh, scileanna nua a fhoghlaim nó post a fháil linn.
- Faigh eolas faoi thosaíochtaí Erasmus+ do 2019-2024
- Faigh eolas faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta
- Bí ag imirt, bí ag teagasc agus Cuir eolas ar an Aontas Eorpach trí Chúinne na Foghlama
- Faigh eolas faoin gcaoi a bhfuil sé le bheith ag obair sa Choimisiún Eorpach
- Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin EU Careers chun ár dtairiscintí poist a fheiceáil
- 26 thír i 36 lá – féach turas uathúil Connecting Europe Express
- Is iad na traenacha an todhchaí – Tar ar bord agus bí linn ar ár n-aistear chun astaíochtaí a laghdú!
- An ateangaireacht sa ré dhigiteach nua
- Déan quizeanna faoin ilteangachas agus an ateangaireacht
An t-athrú aeráide agus díghrádú an chomhshaoil, is baol go gcuirfidh siad deireadh leis an saol san Eoraip agus sa domhan mór. Chun na dúshláin sin a shárú, is é is aidhm dúinn geilleagar nua‑aimseartha iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de a dhéanamh den Aontas, áit nach mbeidh aon ghlan‑astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050. Faigh tuilleadh eolais faoi conas is féidir leat cabhrú chun dul i ngleic leis an mbagairt sin agus taithí a fháil duit féin ar na gníomhaíochtaí agus na gníomhartha atá déanta go dtí seo chun cabhrú linn na spriocanna sin a bhaint amach.
Bealaí nua foghlama, siamsaíochta, oibre agus fiosraithe; baineann siad go léir le sochaí dhigiteach. Is éard a bhaineann léi freisin saoirsí agus cearta nua, agus tugann sí an deis do shaoránaigh an Aontais aghaidh a thabhairt ar an saol lasmuigh dá bpobal féin agus an áit a bhfuil cónaí orthu. Mar sin féin, is iomaí dúshlán nach mór dul i ngleic leo le linn na 10 mbliana digiteacha. Idirlíon níos sábháilte do leanaí, córas satailíte an Aontais féin, Galileo, an ríomhaireacht chandamach, an chaoi a gcosnaíonn anailís faisnéise ár gcuid airgid ar chalaois – baineann na rudaí sin go léir le todhchaí atá níos digití.
- Faigh eolas faoin gcaoi a bhfuil 10 mBliana Digiteacha na hEorpa á bhfíorú againn
- Coding@Home – Físeáin Teagaisc
- Déan do scileanna digiteacha a thástáil
- An chaoi a bhfuilimid ag cabhrú chun todhchaí dhigiteach níos sábháilte a mhúnlú
- Spás Eorpach Sonraí Sláinte - rochtain níos fearr ar shonraí sláinte
- Beartas iomaíochta an Aontais agus a bhfuil i gceist leis duitse
- Bain triail as cluiche an tseomra éilithe agus faigh eolas faoi do chearta mar thomhaltóir
- Comhairle agus cúnamh le do ghearáin mar thomhaltóir
Tá dlús á chur ag an gCoimisiún Eorpach le bearta chun sláinte agus folláine a chuid saoránach a chosaint ar bhealach níos fearr. Baineann an méid seo a leanas le hAontas Sláinte Eorpach láidir; ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna; tacaíocht airgeadais agus infheistíocht; sonraí sláinte a dhigitiú; cógais leighis atá sábháilte nuálach inacmhainne; cur chuige iomlánaíoch i leith galar amhail ailse. Le linn phaindéim an choróinvíris, is é an Coimisiún atá ag déanamh comhordú ar fhreagairt choiteann an Aontais Eorpaigh – vacsaíní sábháilte éifeachtacha in aghaidh COVID-19 a dháileadh go rathúil san áireamh.
Highlights
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin
Concert for Ukraine #ThankYouTour
Bliain Eorpach na hÓige
Déanaimis Glas Í
Déanaimis Digiteach Í
Scagadh de réir
Lá na hEorpa 2022 (8)
RSSI ngeall ar an athrú aeráide, bíonn ar na milliúin duine teitheadh óna dtithe gach bliain, sin agus géaraíonn sé ar ghéarchéimeanna daonnúla. Bí linn ar Instagram Live chun eolas a fháil faoin gcaoi a dtacaíonn an tAontas Eorpach leo siúd is mó atá thíos leis. Is in éineacht le Anja Pirjevec a bheidh muid, saineolaithe an Aontais i réimse an chomhshaoil agus cabhair dhaonnúil a ghlasú.
Míníonn anailísí faisnéise conas a dhéanaimid anailís ar an bhfaisnéis a fhaighimid dár n-imscrúduithe. Is leithne ná riamh iad foinsí sonraí agus ní mór d’anailísithe a mbealach a dhéanamh trí lúbra dúshlán chun tairbhe dár n-imscrúduithe agus dár gcinnteoirí.
Déan an t-eolas atá agat a thástáil maidir le geilleagair ghlasa an Aontais leis an quiz ar Twitter. Ar chuala tú trácht riamh ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta? Nó an bhfuil a fhios agat cad is Banna Glas ann? Bí linn an 7 Bealtaine ar 11:00 Am Lár na hEorpa agus glac páirt sa quiz.
Ar mhaith leat a bheith ag obair linn? Féach orainn ar LinkedIn chun a fháil amach cé muid féin, cé na próifílí atá uainn, an méid a chuirimid ar fáil mar fhostóir agus conas a dhéanaimid ár bhfoireann a roghnú.
Ar chuala tú trácht riamh ar ‘10 mBliana Digiteacha na hEorpa’? Bí linn ar Instagram Live chun a fháil amach cad atá á dhéanamh againn chun go mbeidh an tAontas níos digití agus chun eolas a fháil faoin tionscadail Ambasadóirí DigitalEU.
Join Raphaël and Margot at 11:00, 15:00 and 17:00 CET to follow the action from the Berlaymont, the European Commission’s headquarters.
Bí linn ar Instagram Live beo ó Shráidbhaile na nÓg sa Berlaymont an 7 Bealtaine agus féach na seisiún lenár n-aíonna chun eolas a fháil faoi na deiseanna atá ar fáil! Staidéar a dhéanamh i dtír éigin eile, scileanna nua a fhoghlaim nó post a fháil. Is leatsa #EuropeanYearOfYouth.
Lean ár gcuntas Instagram agus bí páirteach i Lá na hEorpa, agus bain úsáid as an haischlib #DigitalEU chun páirt a ghlacadh sa phlé. Má bhíonn ceisteanna agat ar na saineolaithe, seol teachtaireacht dhíreach (DM) chugainn.