Déanann Lá na hEorpa comóradh ar shíniú ‘Dearbhú Schuman’ an 9 Bealtaine 1950. Ba phlean uaillmhianach é chun síocháin fhadtéarmach a chinntiú san Eoraip iarchogaidh agus meastar é a a bheith mar thús leis an Aontas Eorpach mar atá againn anois. Is soiléire ná riamh an tábhacht a bhaineann le bheith ag obair ar son na síochána san Eoraip de réir mar a chuirimid i dtábhacht ár n-aontacht agus ár ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin.
I mí na Bealtaine cuireann institiúidí an Aontais Eorpaigh fáilte romhat chuig réimse leathan gníomhaíochtaí ar líne agus ar an láthair ar fud Bhallstáit an Aontais, agus i gceanncheathrú institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg. I ngeall go leagann Bliain Eorpach na hÓige 2022 béim ar dhaoine óga na hEorpa agus ar ghuth na saoránach a chur chun cinn tríd an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ní raibh am níos fearr ann riamh teacht le chéile, plé a dhéanamh ar na dúshláin atá romhainn uile agus todhchaí níos fearr a chruthú don Eoraip a oibríonn do chách.
Féach leat an méid atá ar siúl ar fud na hEorpa ar Lá na hEorpa, iad ar líne agus ar an láthair.