Tá roinnt institiúidí agus comhlachtaí ag an Aontas a bhfuil ról tábhachtach acu i bhfeidhmiú laethúil an Aontais. Tá líon mór gníomhaireachtaí speisialaithe agus comhlachtaí díláraithe ann freisin atá i mbun raon leathan cúraimí teicniúla, eolaíochta agus bainistíochta.
Léigh tuilleadh chun foghlaim fúthu agus faoin méid a dhéanann siad.
Is é an déanamh atá ar Pharlaimint na hEorpa comhaltaí a thoghtar go díreach ó gach tír den Aontas, comhaltaí a dhéanann díospóireacht ar dhlíthe agus a leasaíonn iad.
Is sa Chomhairle Eorpach a thagann cinn stáit agus rialtais an Aontais le chéile. Is í a leagann síos treo polaitiúil ginearálta an Aontais, faoi cheannaireacht a hUachtaráin.
Tugann Comhairle an Aontais Eorpaigh airí náisiúnta le chéile a ghlacann dlíthe agus a chomhordaíonn beartais i réimsí éagsúla. Is í an Fhrainc atá ina cathaoirleach uirthi faoi láthair.
Is é an Coimisiún Eorpach a mholann dlíthe, a sheasann le conarthaí an Aontais agus a dhéanann cúram de reáchtáil laethúil an Aontais.
Déanann an Chúirt Bhreithiúnais deimhin de gur mar a chéile ar fud na 27 mBallstát a chuirtear dlíthe an Aontais i bhfeidhm.
Is é BCE a thugann aire don euro. Tá sé mar aidhm aige praghsanna a choimeád cobhsaí agus cuireann sé le sábháilteacht agus fóntacht na mbanc Eorpach.
Féachann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa lena chinntiú go gcaitear cistí an Aontais i gceart agus go héifeachtúil. Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-oibríonn na hiniúchóirí agus faoin gcaoi a gcabhraíonn siad le hairgead na saoránach a chosaint.
Is í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí an tseirbhís taidhleoireachta atá ag an Aontas Eorpach. Cuidíonn sí le ceannaire gnóthaí eachtracha an Aontais, Josep Borrell, chun ionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas Eorpach ar fud an domhain. Tá ceanncheathrú SEGS sa Bhruiséil agus bainistíonn sí...
Is comhlacht comhairleach de chuid an Aontais é CESE. Is comhaltaí an chomhlachta iad ionadaithe d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó Bhallstáit a chuireann le reachtóireacht an Aontais.
Is é Coiste Eorpach na Réigiún guth réigiúin agus chathracha an Aontais Eorpaigh. Déanann sé ionadaíocht ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus tugann sé a chomhairle maidir le dlíthe nua a mbíonn tionchar acu ar réigiúin agus ar chathracha.
Is é BEI banc an Aontais Eorpaigh. Maoiníonn sé fiontair bheaga agus mheánmhéide agus déanann sé infheistíocht i nuálaíocht, i mbonneagar, san aeráid agus sa chomhshaol.
Comhlacht neamhspleách a chuidíonn le daoine, le gnólachtaí agus le heagraíochtaí trí ghearáin faoi riarachán an Aontais a fhiosrú.
Cinntíonn an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go gcosnaíonn institiúidí agus comhlachtaí an Aontais faisnéis phearsanta nuair atá sonraí á bpróiseáil acu.
Cuireann an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí treoirlínte agus moltaí ar fáil maidir le conas rialacha cosanta sonraí a chur i bhfeidhm san Aontas.
Foilsitheoir oifigiúil institiúidí, ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí an Aontais agus pointe lárnach rochtana ar fhaisnéis oifigiúil an Aontais.
Cuireann EPSO nósanna imeachta roghnúcháin ar ardchaighdeán ar fáil chun baill foirne a earcú d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.
Foghlaim faoi ghníomhaireachtaí díláraithe de chuid an Aontais Eorpaigh atá i mbun cúraimí teicniúla agus eolaíocha a chuidíonn le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh beartais a chur chun feidhme agus cinntí a dhéanamh.