Skip to main content
Lá na hEorpa 2023

Lá Oscailte an Choimisiúin Eorpaigh, Dé Sathairn an 6 Bealtaine

Clár

Ar an láthair

Sa Berlaymont agus i gcathair na Bruiséile

VR-Mine project

10:00 - 14:00 | Tionscadal VR-Mine

- Berlaymont (Eoraip Sciliúil)

Tá an réaltacht fhíorúil ag teacht go mór chun cinn i réimsí éagsúla ar nós na cluichíochta príobháidí, na hoiliúna tionsclaíche, agus an taighde acadúil. Ceapadh VR-Mine le haghaidh mic léinn mháistreachta, ach tá sé oiriúnach do mhic léinn bhaitsiléara agus do leanaí freisin.

Open day

11:00 - 13:00 / 13:00 - 15:00 / 15:00 - 17:00 | Léim ar rothar agus tabhair cuairt ar na tionscadail sa Bhruiséil atá comhchistithe ag an Aontas!

- Berlaymont (Eoraip Láidir)

Féach tionscadail chomhchistithe de chuid an Aontais sa Bhruiséil!
Cad a dhéanann an tAontas? Agus cad a dhéanann sé duitse?
An 6 Bealtaine #EuropeDay, bí linn ar thuras 2 uair an chloig!
Tabharfaidh treoraí gairmiúil ar chamchuairt na Bruiséile thú ar lorg na dtionscadal a thugann beogacht don chathair a bhuí le comhchistiú ón Aontas!

Group of old people

11:00 - 18:00 | Tá tábhacht leis na teangacha!

- Berlaymont (Eoraip Sciliúil)

Tá tábhacht leis na teangacha! Níl aon duine in ann gach ceann de na 24 theanga oifigiúla atá ag an Aontas a fhoghlaim. Mar sin, is tríd an aistriúchán agus an ateangaireacht is féidir le daoine a thuiscint cén difear a dhéanann obair an Aontais dóibhsean. Déanfar ateangaireacht ar na cuir i láthair idirghníomhacha go Fraincis, go hOllainnis, go Gearmáinis, go Béarla agus go teangacha eile. Bain féin triail as an ateangaireacht - beidh saineolaí ann chun cuidiú leat!

FoodUnfolded

14:00 - 19:00 | FoodUnfolded

- Berlaymont (Eoraip Sciliúil)

Faigh blaiseadh dá bhfuil i ndán dár mbia le físeáin réaltachta fíorúla 360° ó FoodUnfolded

MSCA

An lá go léir | Bí i d’eolaí ar feadh lae le GMSC!

- Berlaymont (Eoraip Sciliúil)

Ar smaoinigh tú riamh ar bheith i d’eolaí? Faigh amach conas a dhéanann taighdeoirí a fuair maoiniú ó Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie taiscéalaíocht ar na teorainneacha idir solaid, leachtanna agus gáis. Cruthaigh sláthach le do lámha féin i dturgnamh do-shamhlaithe!

Traineeship

An lá go léir | Scéim Tréimhsí Oiliúna Bluebook an Choimisiúin Eorpaigh

- Berlaymont (Eoraip Sciliúil)

Caith seal le lucht déanta beartais an Aontais - eispéireas a d’fhéadfadh do shaol a athrú.

EU Ecolabel Showroom

An lá go léir | Seomra Taispeántais Éicilipéad an Aontais

- Berlaymont (Eoraip Ghlas)

Deimhnítear níos mó ná 87,000 táirge agus seirbhís feasta le hÉicilipéad an Aontais. Sa seomra taispeántais beidh tú in ann roinnt díobh a fhiosrú agus tuilleadh eolais a fháil faoi mhisean an lipéid ar mhaithe le geilleagar ciorclach agus truailliú nialasach.

European Solidarity Corps giving a helping hand

An lá go léir | Lámh chúnta ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach

- Berlaymont (#EUStandsWithUkraine)

Faigh inspioráid ón dlúthpháirtíocht Eorpach le hÚcránaigh a theith ón gcogadh. Tabharfaidh an cur i láthair eolas duit faoi roinnt tionscadail dheonacha de chuid an aosa óig san iomad tír Eorpach atá ag tabhairt lámh chúnta do mhuintir na hÚcráine in am an chogaidh.

Erasmus+

An lá go léir | Erasmus+ Anseo a thosóidh tú ag cur le do chuid scileanna

- Berlaymont (Eoraip Sciliúil)

Lá mór gníomhaíochta agus spraoi do chách. Faigh amach conas cur le do bhuanna agus feabhas a chur ar do chuid tallann le Erasmus+. Buail linn chun léargas a fháil ar dheiseanna Erasmus+ do chách. Eispéireas luachmhar a chuirfidh le do shaol agus a osclóidh d’aigne.

Eyes Open

An lá go léir | Dúshlán Súile ar Oscailt

- Berlaymont (Eoraip Shábháilte)

D’fhéadfadh duine ar bith againn a bheith ina íospartach coireachta. Is é is aidhm don dúshlán seo a chinntiú nach mbeidh íospartaigh na coireachta dofheicthe. Suífidh na rannpháirtithe síos agus amharcfaidh siad i súile a chéile gan chaochadh. Teilgfear íomhá a n-aghaidhe ar scáileán ar a bhfógrófar gealltanas a súile a choimeád ar oscailt chun íospartaigh na coireachta a fheiceáil agus chun cuidiú leo.

Digital Education Plan

An lá go léir | Féach leat gníomhaíocht an Aontais ar mhaithe leis an Oideachas Digiteach

- Berlaymont (Eoraip Sciliúil)

Buail isteach chuig seastán na hArd-Stiúrthóireachta um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr i bhfoirgneamh Berlaymont an 6 Bealtaine le fáil amach faoi thionscnaimh an Aontais i réimse an oideachais dhigitigh! Tástáil do chuid eolais faoin mbréagaisnéis, tarraing pictiúr agus lig don intleacht shaorga buille faoi thuairim a thabhairt céard atá ann, agus glac páirt inár gceardlanna faoi scileanna digiteacha!

Girls at Pollinator Park

An lá go léir | Páirc na bPailneoirí

- Berlaymont (Eoraip Ghlas)

Gabh isteach i ndomhan eile - todhchaí ár ndomhain féin gan feithidí pailnitheacha. Eispéireas réaltachta fíorúla é seo ar bronnadh duaiseanna air.

a dog

An lá go léir | Taispeántas Madra Chustam an Aontais

- Berlaymont (Eoraip Shábháilte)

Tabhair cuairt ar sheastán Chustam an Aontais ag Lá na hEorpa agus cuir aithne ar Blondie, madra custaim as an mBeilg a léireoidh a cuid scileanna bolaíochta le linn taispeántais bheo.

Imeachtaí ar líne

Aimsigh imeachtaí ar líne de réir ama

Open day ECFIN quiz

Quiz Twitter ECFIN

11:00 - 12:00

Déan tástáil ar do chuid eolais faoin euro leis an quiz!
An bhfuil a fhios agat cé mhéad tír a úsáideann an euro? An bhfuil tú in ann tír eisithe boinn faoi leith a aithint?
Téigh chuig cuntas Twitter ECFIN (@ECFIN) an 6 Bealtaine ar 11:00 Am Lár na hEorpa agus glac páirt sa quiz.

Tomatoes

Ar lorg chaimiléirí na dtrátaí

10:00 - 10:15

Míneoidh fiosraitheoir ó OLAF an chaoi ar nocht an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus a comhpháirtithe náisiúnta líon mór coireanna tromchúiseacha a bhí á ndéanamh ag drong coiriúil eagraithe. Fuair an drong sin cistí talmhaíochta Eorpacha arbh fhiú beagnach €1 mhilliún iad ar bhealach mídhleathach, cistí a bhí in ainm is a bheith ag dul do tháirgeadh na dtrátaí.

Faigh tuilleadh eolais faoina bhfuil ar siúl againn de réir ábhair

.

Ionad Teagmhála Europe Direct

Lá Oscailte an Choimisiúin Eorpaigh, Dé Sathairn an 6 Bealtaine (0)

RSS
Níor aimsíodh aon toradh