Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lá na hEorpa 2024
Lá na hEorpa 2024

Féach leat na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl agus faigh tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach

An méid is féidir a bheith ag súil leis

Agus tú ar an taobh istigh, is féidir leat cuairt a thabhairt ar na sráidbhailte ann, fáil amach faoi stair an Aontais Eorpaigh, agus éachtaí an Choimisiúin Eorpaigh. Níl ansin ach a thús. Seo é do sheans súil a chaitheamh ar chúl stáitse agus fáil amach cén dóigh a bhfuilimid ag tógáil Aontas Eorpach atá láidir éagsúil daonlathach digiteach, a sheasann lena mhuintir, agus atá tiomanta todhchaí níos glaise agus geilleagar athléimneach a thógáil.

Beidh neart cluichí agus gníomhaíochtaí ann do dhaoine de gach aois, léirithe ealaíontóirí agus seisiúin blaiste bia, chomh maith le deiseanna chun bualadh le baill dár bhfoirne. Beidh fáilte romhat spléachadh a thabhairt ar an seomra cruinnithe ar an 13ú hurlár mar a mbíonn an tUachtarán von der Leyen agus coláiste na gCoimisinéirí ag déanamh cinntí a fhóireann DUITSE. Ná dearmad lán na súl a bhaint as an radharc!

Más saoránach thú a chaithfidh vóta sna toghcháin Eorpacha atá ar na bacáin, gheobhaidh tú eolas le cuidiú leat an leas is fearr is féidir a bhaint as do vóta.

Ach ní hé sin deireadh an lae. Sula n-imíonn tú, tabhair cuairt ar Experience Europe, taispeántas tumthach atá oiriúnach do theaghlaigh a thugann léargas ar an stair agus ar na luachanna a mhúnlaigh an stair, a mhúnlaíonn an t-am i láthair agus a mhúnlóidh todhchaí an Aontais Eorpaigh.

Eolas praiticiúil

Uaireanta oscailte: 10:00-18:00 (is ar 17:30 a ligfear isteach an duine deiridh).

Searmanas oifigiúil oscailte: 10:00-10:30

Siamsaíocht (lasmuigh): 10:30-18:30

Seoladh:

Berlaymont

Rue de la Loi 200

1000 - Bruxelles / Brussel

Cliceáil anseo chun treoracha a fháil

 

*Tabhair faoi deara go mbeimid ag glacadh grianghraif agus ag déanamh fístaifeadtaí ag an ócáid seo. Féadfar na grianghraif agus na fístaifeadtaí a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí cumarsáide a bhaineann le Lá Oscailte an Aontais Eorpaigh. Tá tuilleadh eolais le fáil sa ráiteas príobháideachais.

Féach leat ár ngníomhaíochtaí

Sráidbhaile 1: ÁR nDAONLATHAS A NEARTÚ

Faigh amach faoi 70 bliain de stair an Aontais agus faigh amach faoin gcaoi a bhfuil ár dtodhchaí á múnlú ag na ceachtanna a foghlaimíodh san am a chuaigh thart. Foghlaim faoi na cearta agus na deiseanna a bhaineann le saoránacht an Aontais Eorpaigh, féach leat an dóigh a gcosnaíonn an tAontas Eorpach daoine, agus faoin dóigh ar féidir le do ghuth difear a dhéanamh.

Sráidbhaile 2: AONTAITHE SAN ÉAGSÚLACHT

Caith súil ar chúl stáitse agus faigh amach cén dóigh a bhfuil an Coimisiún ag cur tosaíochtaí i bhfeidhm. Agus neart á bhaint as an éagsúlacht, féach leat conas a fheidhmíonn an tAontas i 24 theanga, agus foghlaim faoi na huirlisí agus na seirbhísí lena gcinntítear go n-oibríonn an tAontas AR DO SHON.

Sráidbhaile 3: EORAIP DHIGITEACH LÁIDIR

I ngeall ar an teicneolaíocht dhigiteach, tá athrú ag teacht ar an dóigh a gcaitheann daoine a saol, an dóigh a n-oibríonn siad agus an dóigh a ndéanann siad gnó. Téigh isteach sa ‘Deacáid Dhigiteach’ nua seo agus léigh faoin dóigh a dtacaíonn an tAontas le nuálaíochtaí ceannródaíocha, faoin dóigh a gcoinníonn sé ár saol ar líne sábháilte, agus faoin dóigh a gcuidíonn sé le daoine agus le gnólachtaí scileanna a fhorbairt don todhchaí.

Sráidbhaile 4: ÁR dTODHCHAÍ INBHUANAITHE

Is é is aidhm don Chomhaontú Glas don Eoraip go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach ar domhan. Féach leat an chaoi a bhfuil an tAontas ag cuidiú chun ár bpláinéad agus ár sláinte a chosaint, ár bhfuinneamh a ghlanadh, córais inbhuanaithe bia a thógáil, agus daoine agus gnólachtaí a bhogadh i dtreo todhchaí níos glaine agus níos glaise.

Sráidbhaile 5: ÁR nGEILLEAGAR CÓIR ATHLÉIMNEACH

Ní éireoidh le saoránaigh agus gnólachtaí san Aontas mura bhfóireann an geilleagar dóibh. Agus muid ag ceiliúradh 25 bliana den Euro agus 30 bliain den Mhargadh Aonair, faigh amach faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag tógáil geilleagair láidir cobhsaí atá ag fás agus a chinntíonn cothrom na Féinne agus rathúnas, agus a chuidíonn le daoine agus le gnólachtaí leas a bhaint as a n-acmhainneacht.

Sráidbhaile 6: AN EORAIP A BHEITH NÍOS LÁIDRE AGUS NÍOS CEANNASAÍ SA DOMHAN

Seo an deis duit breathnú lasmuigh den Aontas Eorpach agus machnamh a dhéanamh ar a áit ar domhan. Faigh amach conas a chosnaímid ár dteorainneacha, conas a chosnaímid folláine shaoránaigh an Aontais, agus conas a chomhroinnimid luachanna, cúnamh agus deiseanna a neartaíonn ár seasamh mar ghníomhaí freagrach domhanda.

SEASAMH LEIS AN ÚCRÁIN

Le dhá bhliain anuas tá cabhair dhaonnúil, airgeadais agus mhíleata nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe curtha ar fáil ag an Aontas don Úcráin. Cuirimid fáilte romhat tuilleadh a fhoghlaim faoinár bhfreagairt agus faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag dul i ngleic le tionchar an chogaidh ar fud an domhain, ag cur leis an ullmhacht don chosaint agus ag tacú le freagairt chóir ar an gcoireacht trasteorann.

An 13ú hUrlár – tabhair cuairt ar sheomra an Choláiste

Is comhlacht ceannaireachta polaitiúla é ‘Coláiste na gCoimisinéirí’ a mbíonn sainordú aige go ceann tréimhse 5 bliana. Bíonn cruinniú ag an gColáiste gach seachtain ar an 13ú hurlár den Berlaymont. Seo an deis duit cuairt a thabhairt ar an seomra cruinnithe!

Tabhair cuairt ar Sheirbhís Closamhairc an Choimisiúin Eorpaigh

Tar isteach inár stiúideonna teilifíse mar ar féidir leat ár scáileán glas a thástáil agus grianghraf cuimhneacháin a ghlacadh. Is féidir leat breathnú freisin ar ár saoráidí tarchuir satailíte agus cuairt a thabhairt ar mhúsaem beag closamhairc.

Siamsaíocht

Cuideoidh ár gclár siamsaíochta chun a chinntiú gur lá speisialta a bheidh ann nach ndéanfaidh tú dearmad air. Sula n-imeoidh tú, ná déan dearmad an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • breathnú ar ár dtaispeántas ina dtaispeántar 30 bliain den Mhargadh Aonair;
  • cuid de na táirgí feirme Eorpacha is fearr atá againn a bhlaiseadh;
  • taitneamh a bhaint as léirithe ealaíne;
  • eolas a chur ar an Aontas Eorpach sa Bheilg.